An tSailchearnach
Salix caprea
Tá lear mór leamhan ag brath ar an sailchearnach, ina measc an conach poibleoige (Laothoe populi). Cuireann an tsailchearnach pailin agus neachtar ar fáil do mheachain, feithidí eile, agus éin amhail meantáin ghorma ag am nuair nach bhfuil mórán beatha eile ar fáil. Ina iomlán, tá 360 inveirteabrach luaite leis an tsailchearnach, agus ní fhaightear 129 de na speicis seo ach ar an tsailchearnach.