An Pribhéad
Ligustrum vulgare
Is planda sceachach é an pribhéad atá an-chosúil leis an bpribhéad Calafoirniaich, éalaitheach ghairdín neamhdhúchasach. Bíonn na géaga óga agus an bláthra clúmhach ar an bpribhéad (ní bhíonn siad clúmhach sa bpribhéad Calafoirniach). Is cruth lansach a bhíonn ar na duilleoga (bíonn cruth ubhach ar dhuilleoga an phribhéid Calafoirniach, agus bíonn scáil lonrach orthu).