Blúiríní: An Crann Sníofa ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach ← Ar ais chuig An Crann Sníofa Tréithe Hibrid An Crann Sníofa Salix aurita Is hibrid é Salix x multinervis idir an tsaileach rua (Salix cinerea agus an crann sníofa. Bíonn sé níos mó ná an crann sníofa, ach bíonn dromchla na nduilleog rocach, mar a bhíonn ar an gcrann sníofa, agus bíonn na stípeoga móra cluasacha ar an ngas freisin. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Tréithe Airde Tréithe Airde An Crann Sníofa Salix aurita In ainneoin ainm an phlanda seo, is sceach bheag, ghéagach, íseal í an crann sníofa. Is iondúil gur idir 60-200 cm ar airde a bhíonn sí. Is níos ísle fós, agus feosaí, a bhíonn sí in áiteanna feannta. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog Stípeoga An Crann Sníofa Salix aurita Aithnítear an crann sníofa mar gheall ar na stípeoga móra, a bhreathnaíonn cosúil le cluasa, a bhíonn ag bun na nduilleog. Bíonn na duilleoga rocach freisin, tréith nach bhfuil ag mórán saileacha eile. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Duilleog An Crann Sníofa Salix aurita Bíonn stípeoga móra duán-chruthacha, le himill fhiaclacha orthu, ag íochtar ghas na duilleoige. Is cosúil le duilleoga beaga a bhíonn na stípeoga seo. Bíonn cuma chluasa orthu, agus is uathu a fhaigheann an planda an t-ainm Béarla, eared willow. Blúiríní an phlanda seo →