An Paide Bréan
Rhamnus cathartica
Is i stráice trasna lár na tíre, ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh, agus ar bhruach agus ar locha na Sionainne, a fhásann an paide bréan, den chuid is mó. Tá an crann fairsing sa mBoireann go háirithe, áit a chaitheann sé tréimhsí fada faoi uisce i dturlaigh an cheantair sin i rith an gheimhridh.