An tSaileach Bhriosc
Salix x fragilis
Murab ionann agus saileacha eile, is furasta na géaga a bhriseadh den tsaileach bhriosc — ceaptar gur ón tréith seo a fuair an crann an t-ainm Gaeilge, an t-ainm Béarla, agus an t-ainm eolaíoch (fragilis). Thugtaí sail na mbaintreach ar an tsaileach bhriosc i Sasana, mar go raibh sé de nós ag géaga an chrainn titim anuas ar fhir chéile gan aon fhógra.