Blúiríní: An tSaileach Liath ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach ← Ar ais chuig An tSaileach Liath Ainmneacha Dáileadh An tSaileach Liath Salix cinerea fosp. cinerea Fásann an tsaileach liath in oirthuaisceart an oileáin den chuid is mó. Breathnaíonn sí an-chosúil leis an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia), ceann de na saileacha is fairsinge in Éirinn. Tugtar an tsaileach liath uirthi mar gheall ar dhath liath na ribí gruaige a bhíonn ar thaobh íochtarach na nduilleog. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An tSaileach Liath Salix cinerea fosp. cinerea Is plandaí den speiceas céanna iad an tsaileach liath agus an tsaileach rua (Salix cinerea oleifolia). Is beag difríocht atá eatarthu, seachas go dtagann ribí gruaige rua ar thaobh íochtarach na nduilleog ar an tsaileach rua. Bíonn siad feiceálach ag deireadh an tsamhraidh. Is ón tréith seo a fhaigheann an tsaileach rua a ainm. Ní bhíonn na ribí seo ar dhuilleoga na sailí léithe. Bíonn scáil liath ar dhuilleoga an dá fhospeiceas, agus is uaidh sin a thagann cinerea, a chiallaíonn luaith, san ainm eolaíoch. Blúiríní an phlanda seo →