An tAiteann Gaelach
Ulex gallii
Tá an t-aiteann gaelach níos ísle ná an t-aiteann gallda (Ulex europaeus). Ní minic a fhásann sé níos airde ná 1.5 m, agus is iondúil go mbíonn sé sínte cuid mhaith níos ísle ná sin. Fásann sé i ndeisceart na tíre, agus in iarthar Chontae na Gaillimhe, le pócaí beaga eile ar shléibhte Chill Mhantáin agus sna Beanna Boirche i gContae an Dúin.