An tAiteann Gallda
Ulex europaeus
Cheaptaí go raibh leigheas don bhuíochán san aiteann — bhruití na bláthanna agus d’óltaí an deoch. B’é an cógas céanna a bhí ann chun phéisteanna i ngasúir a leigheas, i gContae Shligigh. Dheirtí go raibh sé go maith do dhó croí an duilliúr óg a ithe agus coirt na sceiche a dhiúil i Loch Garman, agus bhí sú na mbláthanna (feochta i siúcra) go maith do chasacht i bPort Láirge. D’úsáidtí na bláthanna le fáil réidh le slócht i gContae Dhoire.