An Fhuinseog
Fraxinus excelsior
Chun heirne a leigheas, scoiltfí stoc d’fhuinseog óg le poll nó bearna a dhéanamh ann a bheadh sách mór le go mbeadh an duine breoite in ann dul tríd. Chuirfí tríd an bpoll iad agus, tar éis roinnt paidreacha a rá, cheanglaítí an crann le chéile arís chun an poll a dhúnadh agus le go gcneasódh an crann. Ní fhéadfaí an chrann a ghearradh ná a bhaint nó thiocfadh an bhreoiteacht ar ais.