An Péine Albanach
Pinus sylvestris
Is as an roisín a dhéantar tuirpintín freisin. Is iomaí táirge a dhéantar as tuirpintín—gliú, péint, tuaslagóirí, agus feithidicídí ina measc. Is as tuirpintín freisin a dhéantar an roisín (rosin) a úsáidtear chun bogha fidle a bhealú. Cé gur féidir tuirpintín a dhéanamh as roisín an phéine Albanaigh, tagann formhór de thuirpintín an domhain ó speiceas eile, Pinus palustris.