An Dair Ghallda
Quercus robur
D’fhág an dair a lorg ar logainmneacha na tíre, agus léiríonn líon na logainmneacha ina bhfuil tagairt do chrainn iontu cé chomh coitianta agus chomh fairsing a bhí an dair fadó, les cionn míle logainm in Éirinn a thagraíonn don dair. Chomh maith le 'doire', a chiallaíonn roschoill dharach, tá 'ráil', seanfhocal don dair, le feiceáil i Raileach, i gCo. Dhoire, agus Cluain Raileach i gCo. Longfoirt. Tá ‘omna’, focal eile don dair, le feiceáil i bPort Omna. Tá an focal ‘farcan’, ainm eile don dair, le feiceáil in Achadh Farcáin agus 'darthanach', áit ina bhfásann an dair,nDarthanach, i gCo. Mhaigh Eo.