An Péine Albanach
Pinus sylvestris
Is beag béaloidis a bhaineann leis an bpéine Albanach sa mBreatain. Deirtear go gcuirtí iad ag pointí ar leith ar bhóithre, le go mbeidís (mar gheall ar dhuilliúr síorghlas, feiceálach an chrainn) in ann feidhmiú mar mharcóirí bealaigh. In Albain, tugtar Cláirseach nan Craobh air an bpéine, mar gheall ar an bhfuaim a dhéanann an ghaoth sna duilleoga spíonlacha.