An Fhuinseog
Fraxinus excelsior
Deirtear go mbuaileann tintreach an fhuinseog sula mbuaileann sé aon chrann eile. In iontráil amháin ó Bhailiúchán na Scol, luaitear gur maraíodh 17 beithíoch nuair a bhuail tintreach fuinseoige iad in 1911 i gContae na Mí. De réir scéala eile bhuail tintreach fuinseog a bhí in aice tí. Dar leis an scéalaí, lean an tintreach fréamhacha an chrainn, a chuaigh faoin teach, agus aníos arís agus isteach sa teach ina phléasc. (Níl aon fhianaise ann go bhfuil crainn ar leith, an fhuinseog san áireamh, níos leochailí, ná níos mealltaí, do thintreach).