An Fhuinseog
Fraxinus excelsior
Bíonn sé éasca an fhuinseog a aithint sa ngeimhreadh ó na bachlóga móra dubha a bhíonn ar aghaidh a chéile ar an ngéag, agus a sheasann amach go láidir i gcomparáid leis an gcoirt gheal. Is cruth sféarach a bhíonn ar na bachlóga, cé is moite den bhachlóg mhullaigh chónach a bhíonn ag deireadh na géige.