An Dair Ghaelach
Quercus petraea
Scaipeann mamaigh agus éin, go háirithe an scréachóg choille, na dearcáin. Bailíonn scréachóga dearcáin agus cuireann siad i dtaisce iad—tá éan amháin in ann na mílte dearcán a chur sa talamh gach fómhar. Dár ndóigh, mar nach n-itheann siad gach dearcán, tá ról tábhachtach ag na héin seo—agus ag ioraí rua, a dhéanann amhlaidh—lena chinntiú go bhfásfaidh crainn dharacha nua i gcoillte na hÉireann.