An tAiteann Gallda
Ulex europaeus
Is iomaí bealach atá ag an aiteann le síolta a scaipeadh — tógann feithidí iad, itheann éin iad, imíonn siad leis an ngaoth, agus snámhann siad in uisce. Fanann na síolta suanach mura mbíonn coinníollacha feiliúnach dóibh le péacadh, ach is iondúil go bpéacann an planda go héasca ón síol. Iomadaíonn an t-aiteann gallda go fásúil freisin, trí meathán a chur aníos ó rútaí faoi thalamh, chomh maith le trí atáirgeadh gnéasach.