An tAiteann Gallda
Ulex europaeus
Shaothraítí an t-aiteann i gContae Chorcaí in 1810 — chuirtí é i rónna comhthreomhara, ag fágáil dóthain spáis idir na rónna le go bhféadfaí barraí eile a chur eatarthu. D’fhágtaí an t-aiteann ag fás ar feadh ceithre bliana nó go mbeadh sé 2m ar airde, agus ansin bhaintí é. Bhí móinéar aitinn — drochthalamh ina raibh aiteann curtha—ag beagnach chuile fheirmeoir.