An Crann Creathach
Populus tremula
Thugtaí duilliúr an chrainn chreathaigh do bheostoc, agus aimsíodh coire mhór atá déanta as adhmad an chrainn i gContae Mhuineacháin in 1933. Tá sé anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Ceaptar gur sa gCré-umhaois Luath a rinneadh é.