An tAiteann Gallda
Ulex europaeus
D'úsáidtí aiteann (chomh maith le tuí, luachair agus raithneach) mar easair—plandaí tirime a scaiptí ar urlár na gcróití, nó ar an talamh i gcúinne de gharraí, le compord a thabhairt d’ainmhithe agus iad ina luí. Bhaintí úsáid astu i gclósanna feirme freisin mar cuid den aoileach. Chaití ar thalamh an chlóis é, go háirithe in áiteanna a bhíodh fliuch nó cartaithe ag na hainmhithe, agus ligtí cead dó lobhadh. Dhéantaí carnáin de agus scaiptí sna garrantaí é (agus ar na fataí) de réir mar a bhí sé ag teastáil.