An Cuileann
Ilex aquifolium
Dhéantaí glae glas (birdlime) as coirt an chuilinn, measctha le hola cnónna. Is substaint ghreamaitheach é a d’úsáidtí mar ghaistí chun éin a ghabháil. Chuir an t-Acht chun Éanacha Fiadhaine do Chaomhaint, 1930, deireadh leis an gcleachtas cruálach seo.