An tAiteann Gallda
Ulex europaeus
Ghlantaí simléir agus toibreacha le craobhacha aitinn. Dhéantaí camáin as adhmad aitinn freisin — thugtaí 'spaic' nó 'spaic aitinn' ar an gcamán. Is iondúil gur píosa den bhfréamh le cor ann a d’úsáidtí. D’ úsáidtí adhmad aitinn in íochtar potaí gliomaigh freisin. Is as an saighleánach a dhéantaí an chuid eile den phota. D’úsáidtí adhmad aitinn le crogaí na gcurrachaí a dhéanamh freisin (leagtar an maide rámha anuas ar na crogaí agus is orthu a chasann siad).