An Cuileann
Ilex aquifolium
Tá adhmad an-gheal, trom, crua ag an gcuileann ach mar go bhfreangann sé nuair a thriomaíonn sé is minic nach n-úsáidtear é ach le rudaí beaga a dhéanamh. D’úsáidtí é le heochracha pianó a dhéanamh sular tosaíodh ag úsáid adhmaid éabainn, agus ansin plaisteach. Thugtaí rímhaide na coille air, agus dheirtí go scoiltfeadh ging den chuileann chuile chrann, ach nach scoiltfeadh ging de chrann ar bith é.