An Péine Albanach
Pinus sylvestris
Faightear tarra péine nuair a dhéantar adhmad an phéine Albanaigh a dhriogadh—is é sin an t-adhmad a théamh (ach gan é a dhó) agus na gail a thagann as a chomhdhlúthú. Is as an tarra péine a dhéantar an substaint pic, a d’úsáidtí go forleathan i réimsí na bádóireachta agus na seoltóireachta chun adhmad agus seolta a chaomhnú.