An Róslabhras
Rhododendron ponticum
Iomadaíonn an róslabhras trí shíolta a scaipeadh nó le meatháin, a thagann aníos ó rútaí faoi thalamh. Tá róslabhras amháin in ann os cionn 1,000,000 síol a ghiniúint in aghaidh na bliana. Tá na síolta ar na cinn is lú agus is éadroime atá ag aon phlanda, agus scaipeadh sa ngaoth iad. Is iondúil go scaiptear go 100 m iad ón bplanda, ach is féidir leo scaipeadh 1 km ón bplanda i gcoinníollacha fabhracha. Scaiptear na síolta in uisce freisin, agus is féidir leo greamú go héasca ar fhionnadh ainmhithe agus ar éadaí dhaoine.