Is dath liath nó dath an airgid a bhíonn ar choirt na feá agus is furasta an speiceas a aithint sa ngeimhreadh ó chrainn mhóra dhuillsilteacha eile amhail an fhuinseog (Fraxinus excelsior) nó na daracha (Quercus spp.) mar go mbíonn coirt na feá an-mhín—ní thagann scoilteanna ann le haois, fiú i gcrainn lánfhásta.