An tSaileach Bhán
Salix alba
D’úsáidtí an tsaileach bhán ar fud na hEorpa chun pian a mhaolú mar gheall ar an salicin atá ann. Bhaintí úsáid as coirt an chrainn i gceird na súdaireachta freisin, agus dhéantaí fioghual as an adhmad an chrainn. Is as an gcineál saileach Salix alba var. caerulea a dhéantar an slacán cruicéid, chomh maith le huirlisí cistine agus canúnna.