Is saothróg den fheá í an fheá rua (Fagus sylvatica purpurea), ar a bhfásann duilleoga corcra nó deargdonn. Tá sé thar a bheith neamhghnáthach ceann a fheiceáil ag fás go fiáin, agus is ó ghearrthóga de thrí chrann-ceann ó 1680 san Eilvéis, ó 1722 sa nGearmáin, agus ó 1840 san Iodáil-a thagann formhór na bhfeánna rua atá ag fás sa domhain inniu. Cé go bhfuil sceacha le duilleoga corcra coitianta in Éirinn, tá an fheá rua ar an bplanda is mó a bhfuil duilliúr corcra aici.