An Leamhán Mion
Ulmus minor
Is crainn arda, dhuillsilteacha iad na leamháin atá in ann idir 30-40 m in airde a bhaint amach i gcoinníollacha fabhracha. Is crainn fhadsaolacha iad freisin. Deirtear gurbh iad na leamháin (ceaptar gur leamháin mhiona a bhí iontu) i gCaisleán Bhinn Éadair, a cuireadh sna 1590idí, na crainn neamhdhúchasacha ba shine in Éirinn, go dtí gur gearradh iad am éigin go luath sa 20ú haois.