Blúiríní: Éiceolaíocht ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Éiceolaíocht + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna + Fochlibeanna: Éiceolaíocht Aifidí Bagairt Ball Tarra Beacha Bláth Cnó Coill éin Féileacáin Feithidí Fungas Galar Gnáthóg Ionrach Lonnaíocht Marcescence Pailniú Raicéim Robáil Samár Scaipeadh Síolta Toradh Truailliú Stádas: Neamhdhúchasach + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Éiceolaíocht Feithidí Beacha Robáil An Fhiúise Fuchsia magellanica Is dordéain a phailníonn na fiúise ina ceantar dúchais, ach is meachain agus feithidí eile a bhíonn sa tóir ar neachtar an phlanda in Éirinn. Uaireanta robálann bumbóga an neachtar—déanann siad poll sa mbláth agus diúlann siad an neachtar gan teagmháil ar bith a dhéanamh leis an bpailin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt Galar Fungas An Leamhán Mion Ulmus minor Is é an fungas Ophiostroma ulmi is cúis leis an nGalar Dúitseach Leamhán. Mharaigh sé 30% de leamháin na Breataine idir 1920 agus 1940 nuair a tháinig sé isteach ar adhmad a iompórtáladh chuig an oileán. Faoin am sin, bhí scrios déanta cheana fhéin ar leamháin na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh. Faoi na 1970idí, rinne an fungas éabhlóidiú go Ophiostoma novo-ulmi. Maraíodh os cionn 90% de leamháin ghallda na Breataine nuair a tháinig an fungas sin isteach sa tír. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Is sna 1980idí agus 1990idí a thosaigh tor an fhéileacáin ag scaipeadh in Éirinn. I 1996 ní raibh tor an fhéileacáin an-coitianta ach i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, ach tá sé le feiceáil ag fás ar fud na tíre anois. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Lonnaíocht Coill An Fheá Fagus sylvatica Bíonn an talamh i gcoillte feá faoi scáth ag ceannbhrat dlúth na nduilleog agus clúdaithe freisin ag cairpéad de dhuilleoga agus crotail fheoite na síolta. Ní mhaireann sna coinníollacha sin ach plandaí scáthfhulangacha. Le rudaí níos deacra a dhéanamh do phlandaí eile, súnn fréamhacha éadomhain na feá an t-uisce atá timpeall ar an gcrann. Mar nach bhfuil mórán plandaí eile in ann scáth na feá a sheasamh, ná dul in iomaíocht le fréamhacha éadomhain an chrainn chun uisce talún a fháil, is minic gurb í an fheá an t-aon speiceas de chrann a fhásann sa gcoillearnach. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bláth Pailniú Feithidí An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is bláthra pirimidiúla (panacail) a fhásann go ceartingearach ar chraobhacha an chrainn cnó capaill. Bíonn dath bán orthu, seachas gur dath buí a bhíonn ar bhun na bpeiteal. Nuair a phailníonn feithidí iad athraíonn an píosa seo ón dath buí go dath dearg. Is comhartha é seo go bhfuil an bláth pailnithe, agus mar sin bogann na feithidí ar aghaidh go dtí an chéad bhláth eile. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí éin Beacha Féileacáin Fungas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tá droch-cháil ar an seiceamóir in Éirinn mar gur crann neamhdhúchasach é ach cuireann an crann bia ar fáil do raon leathan feithidí agus éan. Itheann bratóga na duilleoga, éin na síolta, feithidí an choirt, agus meachain agus pailneoirí eile neachtar na mbláthanna. Déanann éin neadracha sna craobhacha, agus déanann bóíní Dé, féileacáin agus ciaróga baile dóibh féin sa gcrann, freisin. Fásann fungais dhifriúla in adhmad lofa an tseiceamóra, chomh maith. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Balla Contoneaster horizontalis Breathnaítear ar an gcainchín balla mar phlanda ionrach mar go scaipeann sé go héasca (bíonn an-tóir ag éin sna torthaí dearga) agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Marcescence An Fheá Fagus sylvatica Coinníonn an fheá a cuid duilleog feoite ar an ngéag sa ngeimhreadh. Tugtar marcescence ar an tréith seo agus tá sé ag na daracha dúchasacha freisin. Is í seo an chúis a chuirtear an fheá go minic mar fhál. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bláth Raicéim Samár An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tagann raicéimí de bhláthanna buíghlasa, a chrochann anuas ón ngéag, ar an seiceamóir i mí Aibreán. Pailníonn feithidí iad—bíonn iliomad meachain faoin gcrann ag tús an tsamhraidh. Is samáir (síolta beaga sciathánacha) iad na torthaí agus bíonn go leor ar gach crann - d’fhéadfadh gach go mbeadh 30 toradh ar gach raicéim, agus os cionn 800 raicéim ar gach crann. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Gabhrán Clematis vitalba Ní planda dúchasach é an gabhrán, ach éalaitheach gairdín. Cé gur in oirthear agus i ndeisceart na tíre is mó a fhásann sé faoi láthair, tá an planda seo ag scaipeadh in Éirinn. Tá tréithe ionracha ag an bhféith seo, agus glacann sé seilbh iomlán ar na gnáthóga seo má scaoiltear leis. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ball Tarra Truailliú Fungas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Is minic go bhfeictear spotaí dubha ar dhuilleoga an tseiceamóra in Éirinn. Tugtar an tar spot fungus ar an bhfungas is cúis leo, Rhytisma acerinum. Ní dhéanann an t-ionfhabhtú seo dochar don chrann. Tá an fungas seo leochaileach do dhé-ocsaíd sulfair (SO₂), truailleán aeir a bhíonn coitianta i gceantair uirbeacha. Chuige sin, is níos minice a fheictear na spotaí dubh ar dhuilleoga an tseiceamóra i gceantair le haer glan. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí Féileacáin Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Bíonn boladh láidir ó bhláthanna thor an fhéileacáin a mheallann feithidí, go háirithe féileacáin, chun iad a phailniú. Is mar gheall air seo a thugtar tor an fhéileacáin air. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Éiceolaíocht éin An Fhiúise Fuchsia magellanica Cé go gceaptar go bhfuil an cineál fiúise is coitianta atá in Éirinn aimrid, scaipeann sé go héasca trí mheatháin a chur aníos ó rútaí faoi thalamh. Mar go n-iomadaíonn an fhiúise go fásúil mar seo, fásann clampaí móra den sceach ar thaobh an bhóthair. Tugann sé seo deis d’éin cosúil le dreoilíní agus spideoga a gcuid neadracha a dhéanamh i dtearmann sábháilte. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Bláth Panacail Éiceolaíocht Toradh éin An Pribhéad Calafoirniach Ligustrum ovalifolium Is iad na bláthanna bána, a fhásann ar phainicilí pirimidiúla, an chuid is suntasaí den phribhéad Calafoirniach. Bíonn boladh láidir uathu nuair a thagann siad amach sa samhradh. Tagann caora beaga dubha ar an bplanda sa bhfómhar. Tá siad nimhneach do dhaoine, cé go n-itheann éin iad. Blúiríní an phlanda seo → Spraoi Éiceolaíocht Toradh Samár Scaipeadh Síolta An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Titeann na síolta go talamh sa bhfómhar, ag síorchasadh sa ngaoth agus iad ag titim. Má bheireann an ghaoth orthu i gceart, is féidir leo titim i bhfad ón gcrann. Go hiondúil, is i bhfoisceacht de 200 m den chrann a bhuailfidh siad an talamh, ach i gcásanna áirithe, is féidir leo taisteal go 4 km ón gcrann. Bíonn an-spraoi ag gasúir leis na síolta sciathánacha seo. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Fásfaidh an seiceamóir i ngach cineál créafóige. Tá sé ar cheann de na crainnte neamhdhúchasacha is cruaite, agus ní chuireann mórán galar as dó ach an oiread. Tá sé in ann gaoth láidir agus sáile a sheasamh, agus tá sé ar cheann de bheagán crann a fhásann go maith ar chósta feannta an iarthair. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Mion Cotoneaster microphyllus Is planda ionrach é an cainchín mion mar go scaipeann sé go héasca agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Tá sé ag scaipeadh sa mBoireann agus in áiteanna eile tar éis don phlanda éalú ó ghairdíní. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Aifidí An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Maireann an aifid bheag ghlas, Drepanosiphum platanoidis ar dhuilleoga an tseiceamóra. Is iad is cúis leis an drúichtín meala greamaitheach a bhíonn ar na duilleoga. Cé gur feithidí beaga iad, d’fheadfadh dhá mhilliún de na míolta beaga a bheith ag maireachtáil ar aon chrann amháin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is é an baictéar Pseudomonas syringae pv aesculi is cúis leis an gcancar sceite atá ag déanamh scrios ar chrainn cnó capaill ar fud na hEorpa, agus Éireann san áireamh. Tagann leacht dorcha amach as stoc na gcrann a bhíonn ag fulaingt leis an ngalar marfach seo. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh Cnó An Fheá Fagus sylvatica Is i bpéirí a fhásann bláthanna baineanna na feá, agus iad timpeallaithe ag tiomchla. Éiríonn an tiomchla adhmadach tar éis don ghaoth na bláthanna a phailniú, agus clúdaítear na síolta i gcupúl—crotal spíonlach. Bíonn ceann nó péire de chnónna feá—síolta uilleannacha—istigh sna crotail spíonlacha. Tagann na cnónna chun aibíochta idir Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair, agus titeann siad i mí na Samhna. Blúiríní an phlanda seo →