An Castán
Castanea sativa
Tá seanchas sa mBreatain agus in Éirinn faoin Armáid Spáinneach agus an castán. Bhíodh na cnónna castáin ag mairnéalaigh Spáinneacha leis an ngalar scorbha a sheachaint. Deirtear gur ó phócaí mairnéalaigh Spáinneacha a tógadh na cnónna as a d’fhás na castáin i Croft Castle, i Herefordshire Shasana, agus gur leagtha amach mar a bhí na báid Spáinneacha agus iad ar an ionsaigh atá na crainn curtha ansin. Deirtear freisin gur ó chnó castáin, a bhí curtha le mairnéalach Spáinneach a bhí san Armáid agus a bádh amach ó chósta na hÉireann, a d’fhás castán aitheanta eile i reilig Charn an Chaistil, Co. Aontroma.