Tá adhmad na leamhán láidir, marthanach agus éasca le hoibriú. Is focal sean-Bhéarla é wych a chiallaíonn solúbtha agus súpláilte. Chuige sin, bhí luach ard ar an adhmad mar gheall ar na tréithe seo. Tá an t-adhmad uiscefhriotaíoch, agus d’úsáidtí é chun píopaí uisce agus báid a dhéanamh, chomh maith le geataí loic ar chanálacha. Chuirtí leamháin ar bhruacha na Canála Ríoga chun adhmad a sholáthar le freastal ar an éileamh seo.