An Leamhán Sléibhe — “Ní léir go bhfuil…”

Ní léir go bhfuil an oiread sin seanchais faoin leamhán sléibhe agus atá faoi chrainn dhúchasacha eile. Deirtear go raibh leamhán mór, le stoc cuasach, ag fás i gCluain Mhic Nóis, agus gur sa stoc a cuireadh taisí na manach i bhfolach nuair a rinneadh ruathar ar an mhainistir. Ach nuair a chuaigh na manaigh ar ais tar éis an ruathair chun na taisí a thógáil ar ais arís, bhí siad slogtha ag an gcrann.