An tAiteann Gallda
Ulex europaeus
Is beacha, den chuid is mó, a phailníonn bláthanna an aitinn. Téann na siad isteach sna bláthanna ag cuartú neachtair (cé nach bhfuil neachtar iontu). Brúitear na cílí ar leataobh agus clúdaíonn an mheach an stíl (an chuid bhaineann den phlanda) le pailin ón staimín. Nuair a tharlaíonn sé seo, breathnaíonn an bláth míshlachtmhar agus seachnaíonn na beacha eile é.