An Leamhán Sléibhe
Ulmus glabra
Níor bhuail an galar Dúisteach leamhán an leamhán sléibhe chomh dona le leamháin eile. Is iad ciaróga beaga a scaipeann an fungas. Cé go bhfuil an leamhán sléibhe níos leochailí don ghalar fhéin, is fearr leis na ciaróga coirt an leamháin ghallda. Tá buntáiste eile ag an leamhán sléibhe. Is fearr leis na ciaróga coirt a bhíonn idir 5-8 mm tiubh. Faoin am a bhíonn an tiús seo bainte amach ag coirt an leamháin shléibhe, bíonn sé in ann iomadú. Dá bhrí sin, is féidir leis na leamháin scaipeadh, fiú má mharaíonn an t-ionfhabhtú iad tar éis dóibh iomadú. Anuas ar sin, níl an chiaróg sin chomh coitianta sin ar thalamh ard, agus is ann anois a fhaightear formhór na leamhán sléibhe in Éirinn.