Blúiríní: An Donnroisc ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach ← Ar ais chuig An Donnroisc Inite Toradh Ceimiceáin An Donnroisc Prunus padus Bíonn blas searbh ar thorthaí an donnroisc mar gheall ar chiainíd hidrigine (HCN) atá iontu, agus ní féidir iad ithe gan iad a phróiseáil roimh ré. In ainneoin sin, déantar subh, glóthach agus licéar astu. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Éarthach Feithidí Feithidicíd An Donnroisc Prunus padus Úsáidtear an donnroisc mar fhál sceach é mar nach n-itheann mórán ainmhithe na duilleoga agus mar chrios foscaidh agus crios fuaimdhíonach mar go bhfásann sé go tapa agus mar go ndéanann sé clampaí móra. D’úsáidtí coirt an chrainn mar lotnaidicíd san am atá caite, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Iomadú An Donnroisc Prunus padus Cosúil le go leor silíní eile, cuireann an donnroisc meatháin aníos go rialta, as a bhfásann crainn nua leis an gcomhdhéanamh géiniteach céanna, agus is minic a fheictear é ag fás i gclampaí móra, clónacha. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh Fungas Gál An Donnroisc Prunus padus Is é an fungas Taphrina padi is cúis leis an ionfhabhtú a athraíonn cruth toradh an donnroisc ó chaor sféarach go gál fada. Scriosann siad an toradh. Tá gaol ag an bhfungas seo le T. alni a bhuaileann torthaí na fearnóige. Blúiríní an phlanda seo →