Is iomaí tagairt atá sa seanchas faoi chontúirt an iúir d’ainmhithe agus do dhaoine, agus maraíodh asail, capaill, agus beithígh tar éis dóibh na duilleoga a ithe. Deirtear i Bailiúchán na Scol gur níos mó contúirte a bhí sna géaga tite, agus is fíor go bhfanann an nimh i ngéaga atá bainte ar feadh míonna. Cheapfá nach mbeadh aon chógas leighis i gcrann chomh nimhneach, ach tá an t-iúr luaite mar leigheas ar bhorrphéist agus buíochán, agus an rúta do dhroim tinn.