An tAiteann Gallda
Ulex europaeus
Chun aiteann a ghearradh, d’úsáidtí corrán fiaclach agus píosa adhmaid déanta as saileach, a dtugtaí gabhlóg air (ladharóg a thugtaí air i nDún na nGall), le go bhféadfaí na craobhacha deilgneacha a láimhseáil gan ghortú. Bhaintí aiteann le speal aitinne freisin, oirnéis a bhí níos láidre ná gnáthspeal. Thug dornóg — miotóg déanta as súgán— cosaint do na lámha le linn na hoibre seo. Bhrúití an t-aiteann — sula dtugtaí é d’ainmhithe mar fhodar — le máiléad aitinn, agus ghearrtaí é le rámhan aitinn agus scian aitinn. 'Scothán' a bhí ar chraobh gearrtha. 'Speathánach' a bhí ar na sceacha aitinn a dhóití agus iad ag fás, sula mbailítí an t-adhmad mar bhreosla.