An Dair Ghallda
Quercus robur
Bíonn fáinní fáis gar dá chéile san adhmad darach is luachmhara—ní fhaightear é seo gan talamh mhaith a bheith sna fáschoillte, le neart spáis ag na crainn, agus le córas rothlaithe fadtréimhseach i bhfeidhm (os cionn 150 bliain). Mar gheall ar sin, is infheistíocht fhadtéarmach iad fáschoillte daracha. Is minic go ndéantar troscán agus veinír as adhmad darach, chomh maith le hurláir agus breosla.