An Fhuinseog
Fraxinus excelsior
Is i ndéantúsaíocht camán is mó a bhaintear úsáid as an bhfuinseog in Éirinn, cé go n-úsáidtí adhmad an aitinn (Ulex europaeus) freisin, tráth den tsaol. Dúirt an scríbhneoir Seán Tóibin go fadbhreathnaitheach in 1967 gur “dóigh leis an lucht stiúrtha go rachaidh an iománaíocht ar ceal dá mbeadh gannchúis fuinseoige sa tír”. Le meath na fuinseoige déantar camáin anois as ábhar éagsúil amhail bambú, plaisteach, agus snáithín carbóin.