An Chaor Chon
Viburnum opulus
Maítear go bhfuil na torthaí ar an gcaor chon inite, cé go bhfuil siad crapthach agus géar, agus is iondúil go gcuireann na torthaí as don bholg má itear ró-luath sa séasúr iad. Is le linn an gheimhridh, nuair a ardaíonn an méid siúcra a bhíonn sna torthaí, a bhíonn siad níos blasta. Úsáidtear na torthaí le blas a chur i mil i dtuaisceart na hEorpa, agus déantar glóthán leo i gCeanada. Déantar subh, coirdial, tae luibhe, agus licéar astu sa Rúis agus san Úcráin.