An tAiteal
Juniperus communis
Tá roinnt ainmneacha eile luaite leis an aiteal, rud atá spéisiúil do chrann nach bhfuil chomh fairsing sin. Tá aiteann, aitiol, bearnán Brighde, biora leacra, iubhar Craige , iubhar talmhan, agus iubhar beinne ar fad ag foclóir Lane don chrann. Tá aitin, aiteil, aitiol, agus bior leacain ag Cameron. Tá iubhar-talamh ag Cameron freisin, don chrann sínte. Dar leis, tháinig bior leacain as ‘Arran’.