An Saighleánach
Salix viminalis
Ceaptar go raibh an oiread sin tóir ar an saighleánach mar acmhainn chaoladóireachta gur thug daoine go hiarthar na hEorpa é, óna cheantar dúchais sa Rúis, san aimsir réamhstairiúil. Is aircéifít é in Éirinn - tugadh isteach go hÉirinn é am éigin idir thús na haoise neoilitigh agus 1500 AD.