An Fionncholl Gaelach
Sorbus hibernica
Tá an fionncholl gaelach ar cheann de dhá chrann nó sceach atá eindéimeach do hÉirinn — níl sé dúchasach in aon áit eile ar domhan. Is é Sorbus scannelliana, nach bhfásann ach ar oileán an Rois, in aice le Cill Airne, an ceann eile. Níl ach dornán beag de chrainn ón speiceas seo ar an domhan, agus tá gach ceann acu ar oileán an Rois.