An Fhiúise
Fuchsia magellanica
Is iad an tSile agus an Airgintín ceantar dúchais na fiúise agus tháinig sí isteach go hÉirinn go luath san 19ú haois ag am a raibh go leor plandaí ag teacht isteach ó chuile cheard den domhan. Feileann aeráid bhog, mheasartha na tíre don sceach agus tá sí nádúraithe in Éirinn. Tá sí an-choitianta ar chósta an iarthair agus an iardheiscirt ach go háirithe.