Blúiríní: Ionrach ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Éiceolaíocht + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna: Ionrach + Fochlibeanna: Éiceolaíocht Aifidí Ainmhithe Artach-alpach Bagairt Ball Tarra Beacha Bithéagsúlacht Bláth Caitíní Ceimiceáin Cnó Coill Collchoill Cosaint Dearcán éin Féileacáin Feithidí Flóra Foraois Bháistí Atlantaigh Fosú Nítrigine Frith-Dhóiteáin Fungas Gál Galar Gnáthóg Ionrach Leamhain Leamhan Lonnaíocht Marcescence Nimh Pailniú Planda Téisclime Raicéim Robáil Samár Scaipeadh Síolta Scuab Caillí Síolta Toradh Truailliú Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Tréithe Ionrach Bagairt An Róslabhras Rhododendron ponticum Is obair dhaor, fhada í an ruaig a chur ar an róslabhras ón gceantar ina bhfuil sé imithe as smacht. Is furasta crainn óga a tharraingt as an talamh de láimh, ach déantar crainn níos sine a tharraingt ag úsáid innealra. Fásann sé ar ais arís má ghearrtar é, agus caithfear teacht ar ais chuig an suíomh go minic ina dhiaidh sin chun na crainn óga a phéacann ó shíolta a bhaint. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Mion Cotoneaster microphyllus Is planda ionrach é an cainchín mion mar go scaipeann sé go héasca agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Tá sé ag scaipeadh sa mBoireann agus in áiteanna eile tar éis don phlanda éalú ó ghairdíní. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Ionrach An Róslabhras Rhododendron ponticum Tá an róslabhras in ann fás faoi sholas na gréine agus faoi scáth chrainn eile, seachas crainn mhóra bhuaircíneacha. Is go mall a fhásann plandaí óga ar dtús, ar stoc amháin. Tar éis 10 mbliana éiríonn an planda ilstocach agus, má bhíonn go leor plandaí ag fás in aice le chéile, leathnaíonn siad amach go dtí go bhfuil an áit clúdaithe leo agus plúchann siad plandaí dúchasacha. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Ionrach An Róslabhras Rhododendron ponticum Ní mórán sceacha in Éirinn, seachas b’fhéidir an ghlúineach bhiorach, a dhéanann an oiread sin damáiste agus a dhéanann an róslabhras. Éiríonn go maith leis ar thalamh aigéadach in aeráid fhliuch, agus tá paistí móra den tír seo idéalach dá leithéid de phlanda. Fásann sé go tréan agus go tapa ar chréafóg aigéadach na tíre, agus tá sé anois tar éis ionradh a dhéanamh ar phortaigh agus ar mhóinteach. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Is sna 1980idí agus 1990idí a thosaigh tor an fhéileacáin ag scaipeadh in Éirinn. I 1996 ní raibh tor an fhéileacáin an-coitianta ach i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, ach tá sé le feiceáil ag fás ar fud na tíre anois. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Síolta Toradh Meatháin Ionrach An Róslabhras Rhododendron ponticum Iomadaíonn an róslabhras trí shíolta a scaipeadh nó le meatháin, a thagann aníos ó rútaí faoi thalamh. Tá róslabhras amháin in ann os cionn 1,000,000 síol a ghiniúint in aghaidh na bliana. Tá na síolta ar na cinn is lú agus is éadroime atá ag aon phlanda, agus scaipeadh sa ngaoth iad. Is iondúil go scaiptear go 100 m iad ón bplanda, ach is féidir leo scaipeadh 1 km ón bplanda i gcoinníollacha fabhracha. Scaiptear na síolta in uisce freisin, agus is féidir leo greamú go héasca ar fhionnadh ainmhithe agus ar éadaí dhaoine. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Gabhrán Clematis vitalba Ní planda dúchasach é an gabhrán, ach éalaitheach gairdín. Cé gur in oirthear agus i ndeisceart na tíre is mó a fhásann sé faoi láthair, tá an planda seo ag scaipeadh in Éirinn. Tá tréithe ionracha ag an bhféith seo, agus glacann sé seilbh iomlán ar na gnáthóga seo má scaoiltear leis. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Balla Contoneaster horizontalis Breathnaítear ar an gcainchín balla mar phlanda ionrach mar go scaipeann sé go héasca (bíonn an-tóir ag éin sna torthaí dearga) agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Blúiríní an phlanda seo →