An Draighean
Prunus spinosa
Dhéantaí tae, síoróip agus sú as na peitil agus thógtaí é mar chógas leighis do bhuinneach, ainéime, agus breoiteachtaí eile. Chaití duilleoga triomaithe an draighin in ionad tobac i gContae Cheatharlach. Thugtaí Irish Tea air.