An Dair Ghaelach
Quercus petraea
Mar aon le speiceas ar bith eile, tá an dair leochaileach d’ionfhabhtú ó bhaictéir agus fungais, agus d’ionradh ó fheithidí. Thug nóta gan dáta, scríofa ar phíosa veillim agus sáite isteach i Leabhar Buí Leacáin (ón 14ú nó 15ú haois) le fios nár fhág ionfhabhtú ón leamhan, Tortrix viridana, duilleog amháin féin ar na daracha i gcríocha Uí Fhlaithearta in iarthar Chonnacht.