An Dair Ghaelach
Quercus petraea
Is furasta an dair a aithint sa ngeimhreadh mar go mbíonn triopaill de bhachlóga duilleoige ar bharr na ngéag. Mar go mbíonn siad leochaileach do shioc crua, ní thagann duilleoga ar an dair go dtí deireadh Aibreáin nó tús Bealtaine. D’fhéadfadh borrfhás eile duilleog a bheith ann níos deireanaí sa samhradh. Ceaptar gur eascair an tréith seo mar chosaint ón dídhuilliú a dhéanann bratógaí níos luaithe sa samhradh.