An Saighleánach
Salix viminalis
D’úsáidtí géaga solúbtha na saileach in go leor ceirdeanna difriúla—caoladóireacht, déantúsaíocht troscáin, chun currachaí a dhéanamh, agus go leor eile. Dhéantaí rópaí as coirt na saileach freisin. Thugtaí gad ar an rópa a dhéantaí as an saileach. Ba iad an saighleánach, an tsaileach chorcra, an tsaileach bhriosc, saileach na dtrí bhall, agus an tsaileach bhán is mó a d’úsáidtí don obair seo.[Tá rian na dtraidisiún so fós le feiceáil sna cineálacha saileach seo atá fós ag fás ar thaobh an bhóthair, i ngarrantaí, agus ar bhruacha aibhneacha.