An Crann Silíní Fiáin
Prunus avium
Tá an crann silíní fiáin ar cheann de na crainn chrua-adhmaid is luachmhara, ó thaobh adhmaid an chrainn de, ar domhan. Úsáidtear an t-adhmad crua, dlúth i bpainéaladh, in veinírí, in urláir iontlaise, i ndéantúsaíocht caibinéad, agus chun uirlisí fuaime a dhéanamh. Is as crann silíní go minic a dhéantaí (agus a dhéantar) píopaí tobac.